fa-printPriontáil
Baile

Téarmaí agus Coinníollacha

Go raibh maith agat as cuairt a thabhairt ar an ardán comhairlithe seo, OpenConsult, arna chur ar fáil ag Aphelion Teoranta atá ag trádáil mar CiviQ. Tá CiviQ ag feidhmiú mar phróiseálaithe sonraí thar ceann na heagraíochta atá mar rialtóir sonraí don ardán seo, Bonneagar Iompair Éireann. Baineann na téarmaí seo leis an gcaoi is ceart an t-ardán seo a úsáid chun timpeallacht shábháilte, dearfach a chur ar fáil do gach aon duine.

Trí chlárú leis an Ardán, admhaíonn tú go bhfuil na Téarmaí Úsáide seo léite agat, gur thuig tú iad agus gur thoiligh tú géilleadh dóibh. Mura n-aontaíonn tú níl cead agat an tArdán a úsáid agus ba cheart duit do chuntas a dhúnadh (feic thíos).

Maidir le OpenConsult

Ardán comhairlithe is ea OpenConsult (dá dtagraítear anseo feasta mar “an t-ardán") chun doiciméid chomhairlithe ar líne a chruthú, páirt a ghlacadh sna comhairlithe seo trí aighneachtaí a dhéanamh, trácht ar aighneachtaí eile, agus iad a chomhroinnt agus a thacú áit is cuí, agus úsáid á baint as téacs, naisc, próifíleanna, clostrealamh, pictiúir, físeanna agus meáin eile (dá dtagraítear anseo feasta mar “Ábhar"), go cuí.

Príobháideachas

Is den tábhacht ar fad dar linn do phríobháideachas. Léigh le do thoil an Beartas Príobháideachais chun a fháil amach an chaoi a bhailíonn, a úsáideann agus a chosnaíonn Aphelion Teo (t/a CiviQ) do chuid eolais phearsanta mar phróiseálaithe sonraí thar ceann an Chomhlachta Comhairlithe. Molaimid duit é seo a léamh roimh duit an tArdán a úsáid nó clárú leis.

Athruithe ar na Téarmaí Úsáide seo

Féadaimid codanna de na Téarmaí Úsáide seo a athrú, a mhodhnú, nó a scrios, nó cur leo. Beidh tuairisc thuas ar an suíomh más rud é go mbeidh na Téarmaí nuashonraithe agus gríosaímid sibh chun sibh féin a chur ar an eolas maidir leis na nuashonruithe. Is ionann úsáid a bhaint as an ardán agus glacadh leis na Téarmaí Úsáide.

Úsáid an Ardáin

Feidhmiú mar ionadaí do chomhlacht nó eintiteas eile

Má tá tú ag feidhmiú mar ionadaí do chomhlacht nó eintiteas eile (ar a n-áirítear, gan bheith teoranta dóibh sin, eagraíochtaí Carthanachta nó Deonacha, Aontais Mac Léinn, Ceardchumainn, Institiúidí Acadúla, Cumainn Lucht Tráchtála, Ranna Rialtais) tá tú ag maíomh go bhfuil sé d’údarás agat iontráil ar na Téarmaí Úsáide seo thar ceann an chomhlachta nó an eintitis sin, agus comhaontaíonn tú go dtagraíonn na téarmaí “tú” agus “do” sa chomhaontú seo don chomhlacht nó don eintiteas eile agat.

Céard leis a gcomhaontaíonn tú nuair a théann tú isteach ar an Ardán

Tá sé mar fhreagracht ort, ag cuimhneamh dúinn ar nádúr domhanda an Idirlín, cloí le gach dlí infheidhme a mbeadh feidhm aige i leith na húsáide a bhaineann tú as an Ardán agus i leith an ábhair a phostálann tú.

Ní ghlacann Aphelion Teoranta ag trádáil mar CiviQ le dliteanas ar bith i leith Ábhair ar bith a bheidh postáilte ar an Ardán ag úsáideoirí. Níl Aphelion Teoranta freagrach as inneachar thuairimí na n-úsáideoirí agus ní thacaíonn sé leo, ná ní ráthaíonn sé cruinneas, fírinne, dlíthiúlacht ná inbhraiteacht thuairimí na n-úsáideoirí.

Bheith gafa go freagrach

Chun úsáid chothrom agus spás sábháilte don phobal a chinntiú, toilíonn tú GAN an tArdán a úsáid chun:

  • Ábhar neamhdhlíthiúil nó maslach a phostáil;
  • caitheamh le daoine eile go drochmheasúil;
  • daoine eile a chlúmhilleadh, a mhí-úsáid, a mhaslú, a chiapadh, stalcaireacht nó bagairt a dhéanamh orthu ná a gcearta a shárú i mbealach ar bith eile (mar shampla cearta chun príobháideachais agus poiblíochta);
  • úsáideoir ar bith anaithnid nó faoi ainm bréige a shainaithint nó tuairimíocht a chur isteach maidir lena gcéannacht;
  • eolas pearsanta a iarraidh ar aon duine faoi bhun aois a 18;
  • dochar ar bith a dhéanamh do mhionúir;
  • pasfhocail nó eolas a chuirfeadh céannacht in iúl a iarraidh;
  • iarracht a dhéanamh rochtain gan údarás a fháil ar réimsí riaracháin an Ardáin nó ar a chomhéadan, ar chuntais úsáideoirí, ar chórais nó líonraí ríomhaire a bheadh nasctha le suíomh an Ardáin, trí mhianadóireacht Pasfhocal nó trí bhealach ar bith eile;
  • Ábhar a phostáil a bhfuil foréigean nó ábhar maslach nó a bhfuil nasc le suíomh gréasáin do dhaoine fásta ann;
  • Ábhar a phostáil a chuireann chun cinn nó a ghríosaíonn gníomhaíocht neamhdhlíthiúil;
  • Ábhar a phostáil a sháraíonn paitinn, trádmharc, rún ceirde, cóipcheart, cearta chun príobháideachais agus poiblíochta, nó ceart dílsithe eile nó ceart chun maoin intleachtúil pháirtí ar bith; agus
  • Ábhar a phostáil a bhfuil víris bogearra nó ríomhchláir dhíobhálacha ann

Do chuntas agus na mionsonraí faoi

Mar chuid den phróiseas cláraithe, iarrfar ort pasfhocal a chruthú agus beidh tú freagrach as gach gníomhaíocht a tharlaíonn faoi d’ainm úsáideora agus as do phasfhocal a choimeád slán. Molaimid go láidir duit gan pasfhocal a athúsáid a úsáideann tú áit eile chomh maith.

Toilíonn tú gan do chuntas a chomhroinnt le haon duine eile. Toilíonn tú fógra a thabhairt dúinn láithreach má ta amhras ort gur baineadh úsáid gan údarás as do chuntas nó go ndearnadh rochtain ar do phasfhocal. Féadann tú do phasfhocal nó do phróifíl a athrú trí theagaisc ar an suíomh a chomhlíonadh.

Ní bheidh Aphelion Teoranta faoi dhliteanas as cailliúint ar bith a thabhóidh tú de thoradh ar úsáid a bheith bainte ag duine éigin eile as do phasfhocal nó as do chuntas ná as rochtain a bheith déanta orthu, bíodh a fhios sin agat nó ná bíodh.

Postáil ar an Ardán

Is tú féin agus tú féin amháin atá freagrach as d’iompraíocht féin agus as Ábhar ar bith a chuireann tú isteach, a phostálann tú, agus/nó a thaispeánann tú ar an Ardán. Toilíonn tú gan Ábhar a phostáil a bheadh in aghaidh an bheartais Mhodhnóireachta.

Ábhar Clúmhillteach

Oibríonn an tArdán ar bhonn "fógra agus bain anuas". Má chreideann tú go bhfuil ráiteas clúmhillteach in inneachar ar bith ar an Ardán, pléigh láithreach é le do thoil leis an gcomhlacht oifigiúil nó leis an rannóg atá freagrach as an gcomhairliú a bhaineann an t-inneachar leis.

Cearta Aphelion Teoranta

Slánaíocht agus tarscaoileadh

Toilíonn tú Aphelion Teoranta a shlánú, a chosaint (ar a iarraidh sin ag Aphelion Teoranta), agus a mheas bheith neamhurchóideach, mar aon lenár gconraitheoirí, fostaithe, soláthraithe teicneolaíochta, ó aon chaingean, éileamh, cailliúint, damáiste, costas, nó dliteanas ag tríú páirtí, agus ina n-aghaidh siúd, ar a n-áirítear costais réasúnta dlí, arna ndéanamh nó arna dtabhairt ag tríú páirtí mar gheall ar nó ag éirí as:

1.    An úsáid a bhain tú as an Ardán nó cuid ar bith de,

2.    Na Téarmaí Úsáide seo, an Ráiteas Príobháideachais, nó an Beartas Modhnóireachta bheith sáraithe agatsa,

3.    Aon chuntas nó pasfhocal bheith sáraithe nó mí-leithghafa agatsa, nó ag tríú páirtí a bhí ag baint úsáide as do ríomhaire, chun rochtain ar an Ardán agus/nó é a úsáid,

4.    Sárú aon chearta réadmhaoin intleachtúil a bhaineann le duine nó eintiteas ar bith.

An dlí a rialóidh an comhaontú

Is é dlí na hÉireann a rialóidh an comhaontú.

Maidir le Aphelion Teoranta

Comhlacht Éireannach is ea Aphelion Teoranta Cláraithe Uimhir 518067.

Féadann tú teagmháil linn ag info@civiq.eu