Beartas Príobháideachais
Is seirbhís saor in aisce í Tairseach Chomhairliúcháin Ar Líne Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ) a chuirfear ar fáil ionas go mbeifear in ann a bheith rannpháirteach i gcomhairliúcháin phoiblí. Foilsíonn an tairseach seo comhairliúcháin ar féidir leat aighneachtaí a dhéanamh ina leith, teachtaireachtaí a fháil faoi chomhairliúcháin, agus aighneachtaí foilsithe a léamh agus idirghníomhú leo.
Tá meas iomlán ag BIÉ ar do cheart chun príobháideachais. Déanfar aon fhaisnéis a chuireann tú isteach trí shuíomhanna gréasáin BIÉ a láimhseáil de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde agus is féidir, i gcomhréir go docht leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018. Leagann an ráiteas príobháideachais seo amach an chaoi a bpróiseálann BIÉ (an Rialaitheoir Sonraí) agus CiviQ (an Próiseálaí Sonraí, agus an comhlacht a reáchtálann an tairseach comhairliúcháin ar líne) do shonraí pearsanta, an chaoi a ndaingnítear na sonraí sin, agus na beartais éagsúla a chloíonn leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.
Forchoimeádann BIÉ an ceart chun raon feidhme an ráitis príobháideachais a leasú ag am ar bith, agus d'fhéadfaí suíomhanna nó ardáin eile a chur san áireamh leis sin nó a fhágáil ar lár.
Aitheantas agus sonraí teagmhála an rialaitheora:
Is é Bonneagar Iompair Éireann an Rialaitheoir Sonraí, lonnaithe ag Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10
Sonraí teagmhála an oifigigh chosanta sonraí:
A. O’Shaughnessy,
Bonneagar Iompair Éireann
Ionad Gnó Gheata na Páirce
Sráid Gheata na Páirce
Baile Átha Cliath 8,
D08 DK10
Teil: +353 1 646 3600
Ríomhphost: dataprotection@tii.ie
Aitheantas agus sonraí teagmhála an phróiseálaí:
Is é Aphelion Teo. t/a CiviQ an Próiseálaí Sonraí, lonnaithe ag Ionad Oifige Digiteach, Campas Ghnó Mhaigh Nuad, Bóthar Theach Srafáin, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, Éire
ríomhphost: info@civiq.eu
An chaoi a mbailímid do chuid faisnéise
Bailíonn an Tairseach Chomhairliúcháin Ar Líne, ar a dtugtar an “t-ardán”, agus an próiseálaí sonraí, CiviQ, faisnéis phearsanta uait ar ár son, chun do chuid freagraí ar chomhairliúcháin phoiblí agus do rannpháirtíocht le freagróirí eile a éascú. Bailítear do chuid sonraí ar na bealaí seo a leanas:
- Go díreach ón ionchur i scríbhinn a dhéanann tú leis an ardán tríd an bhfoirm chlárúcháin, trí fhoirmeacha aighneachtaí, foirmeacha suirbhéanna agus boscaí tráchtanna;
- Go huathoibríoch trí theicneolaíochtaí an ardáin lena n-áirítear rianú ar líne, mar a dhéantar le fianáin ghréasáin (ar téacschomhaid bheaga iad a chruthaíonn suíomhanna gréasáin agus a stóráiltear ar do ríomhaire).
An fhaisnéis a chuireann tú ar fáil
Bailímid an fhaisnéis seo a leanas fút, bunaithe ar an úsáid a bhaineann tú as an ardán:
Eolas a chuireann tú ar fáil dúinn go díreach:
- Sonraí teagmhála, lena n-áirítear d’ainm, do sheoladh ríomhphoist, do sheoladh poist agus d’uimhir theileafóin;
- Cleamhnacht eagraíochtúil má tá eagraíocht nó comhlacht á chlárú agat;
- Ainmneacha úsáideora agus pasfhocail;
- Róil slándála suímh gréasáin a chuireann ar do chumas roinnt feidhmeanna teoranta a dhéanamh ar bhealach slán laistigh den ardán CiviQ;
- Sonraí a chuireann tú isteach i do chuid aighneachtaí comhairliúcháin, freagraí ar shuirbhéanna, foirmeacha iarratais a chuirtear isteach, tráchtanna, ríomhphoist, aiseolas faoin ardán, agus ábhar eile a sholáthraíonn tú tríd an ardán;
- Toiliú chun ríomhphoist a fháil ó shíntiúis, fógraí agus teachtaireachtaí, lena n-áirítear dáta agus am an toilithe;
- Glacadh leis an bPolasaí Príobháideachais agus Téarmaí agus Coinníollacha eile, agus é seo a thaifeadadh;
- Iniúchadh ar thascanna measúnachta ar d'aighneacht;
- Má dhéanann tú aighneacht i gcomhthéacs cineálacha áirithe comhairliúcháin, tá, nó is féidir go mbeadh, riachtanas ann d’ainm agus do sheoladh a thabhairt. Mar gheall air sin, iarrann an t-ardán na sonraí sin nuair a logálann tú isteach chun cur ar do chumas páirt a ghlacadh i ngach cineál comhairliúcháin, ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach.
Bíonn do thoiliú de dhíth le haghaidh cineálacha áirithe cumarsáide ón ardán. Bíonn teachtaireachtaí agus fógraí san áireamh leo seo. Is féidir rogha a dhéanamh fógraí a fháil maidir le comhairliúcháin; teachtaireachtaí agus fógraí córais, nó do thoiliú leo seo a tharraingt siar.
Faisnéis a Bhailítear go hUathoibríoch
D’fhéadfaimis faisnéis áirithe a bhailiú go huathoibríoch faoin ríomhaire nó faoi na gléasanna (lena n-áirítear gléasanna móibíleacha nó táibléid) a úsáideann tú chun rochtain a fháil ar na Seirbhísí. Tá an méid seo a leanas le fáil i measc na faisnéise sin:
- Faisnéis faoi chruthú an chuntais agus an dáta agus an t-am deireanach a logáladh isteach ann;
- Cóid rianaithe, amhail fianáin. Is comhad beag téacs é fianán, a chuirtear ar do ríomhaire nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin, rud a chuireann ar ár gcumas: (a) do ríomhaire a aithint; (b) do chuid sainroghanna agus socruithe a stóráil; (c) tuiscint a fháil ar leathanaigh ghréasáin na Seirbhísí ar thug tú cuairt orthu, agus ar na suíomhanna atreorúcháin a threoraigh thú chuig ár Seirbhísí; (d) cuardaigh agus anailísíocht a dhéanamh; agus (e) cabhrú le feidhmeanna riaracháin a bhaineann le cúrsaí slándála.
- Seoladh IP
Úsáideann an t-ardán seo ALTCHA chun slándáil an ardáin a chinntiú agus chun cosaint a dhéanamh ar thurscar agus ar mhí-úsáid.
An fhaisnéis a theastaíonn uainn agus an fáth a dteastaíonn sé uainn
Féadfaimid an fhaisnéis atá againn fút a úsáid ar na bealaí seo a leanas:
Faisnéis a thugann tú dúinn. Bainfidh muid úsáid as an bhfaisnéis seo:
- chun ár ndualgais a chomhlíonadh maidir le do chuid freagraí ar chomhairliúcháin phoiblí a phróiseáil;
- chun faisnéis a chur ar fáil duit;
- chun tú a chur ar an eolas go bhfuil do fhreagra ar chomhairliúchán faighte againn;
- chun tú a chur ar an eolas faoi athruithe ar aon cheann dár seirbhísí;
- lena chinntiú go gcuirtear ábhar ón ardán i láthair ar an mbealach is éifeachtaí duit féin agus do do ríomhaire;
Faisnéis fút arna bailiú ag an ardán. Baintear úsáid as an bhfaisnéis seo:
- chun an t-ardán a riaradh agus ar mhaithe le hoibríochtaí inmheánacha, lena n-áirítear fabhtcheartú agus tástáil.
- chun an t-ardán a fheabhsú ar mhaithe lena chinntiú go gcuirtear ábhar i láthair ar an mbealach is éifeachtaí duit féin agus do do ríomhaire nó do ghléas móibíleach;
- chun an t-ardán a choinneáil slán agus sábháilte.
Ár mbunús dlí chun d’fhaisnéis a úsáid
Is é an bunús dlí atá ag BIÉ leis an bhfaisnéis a thuairiscítear thuas a bhailiú agus a úsáid chun na gcríoch a thuairiscítear thuas ná go bhfuil próiseáil den sórt sin riachtanach chun ár dtascanna a chomhlíonadh ar mhaithe le leas an phobail agus/nó i bhfeidhmiú an údaráis oifigiúil atá dílsithe dúinn, lena n-áirítear faoin Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid), 2001, chun soláthar bonneagair iarnróid éadroim agus iarnróid meitreo a dhaingniú, nó a sholáthar. De bhun Stráice 38(1)(a) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, tá próiseáil sonraí pearsanta (lena n-áirítear sonraí a fhaightear trí chomhairliúcháin phoiblí) riachtanach agus comhréireach chun ár bhfeidhmeanna a chomhlíonadh faoi Acht 2001.
Iarraimid ort do thoiliú a thabhairt maidir le cineálacha áirithe cumarsáide agus fógraí. Is féidir leat do shocruithe toilithe a bhainistiú i dtaca le cumarsáid, fógraí agus teachtaireachtaí tríd an leathanach Bainistigh Toiliú ar an ardán.
An fad ama a choinnímid do chuid shonraí
Ní choinneoidh BIÉ do shonraí pearsanta níos faide ná mar is gá.
Coinnítear aighneachtaí faoi chomhairliúcháin phoiblí ar feadh tréimhse suas le 7 mbliana, nó, i gcás ina bhfuarthas toiliú mar bhunús dlí, go dtí go dtarraingíonn tú do thoiliú siar.
Is féidir leat aon cheann de do chuid cearta a fheidhmiú, mar atá leagtha amach sa Pholasaí Príobháideachais, trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag dataprotection@tii.ie
Stóráil do chuid faisnéise, aistrithe sonraí idirnáisiúnta agus cúrsaí slándála
I gcás ina bhfuil pasfhocal tugtha againn duit (nó ina bhfuil ceann roghnaithe agat) a chuireann ar do chumas rochtain a fháil ar chodanna áirithe dár n-ardán, tá tú freagrach as an bpasfhocal seo a choinneáil faoi rún. Iarraimid ort gan do phasfhocal a roinnt le duine ar bith.
Ní bhíonn tarchur na faisnéise tríd an Idirlíon go hiomlán slán. Cé go ndéanfaimid ár ndícheall do shonraí pearsanta a chosaint, ní féidir linn slándáil na sonraí a chinntiú fad is atá siad ar a mbealach chuig ár n-ardán. Is ar do phriacal féin atá aon tarchur. Nuair a bheidh do chuid faisnéise faighte againn, bainfimid úsáid as nósanna imeachta agus gnéithe slándála dochta chun cosc a chur ar rochtain neamhúdaraithe.
Déantar stóráil ar na sonraí a thugann tú dúinn tríd an ardán seo laistigh den AE. D’fhéadfadh go mbeadh gá ann do sheirbhísí áirithe roinnt faisnéise teoranta fút a aistriú chuig ár soláthraithe seirbhíse agus chuig eagraíochtaí eile lasmuigh den AE ó chun cúrsaí slándála an ardáin a chinntiú. I gcásanna nuair a aistrítear sonraí den sórt sin chuig tríú páirtithe lasmuigh den AE, déanfaimid cinnte go bhfuil cosaintí i bhfeidhm chun leibhéal sásúil cosanta sonraí a dheimhniú, trí chaighdeáin chomhlíonta aitheanta a bhaineann le haistriú dleathach Sonraí BIÉ.
Nochtadh Do Chuid Faisnéise
D’fhéadfadh rochtain a bheith ag tríú páirtithe áirithe ó am go chéile ar chodanna den ardán ina stóráiltear do shonraí ar mhaithe le seirbhís an ardáin a sholáthar, chomh maith le forbairt, tástáil agus deisiú an ardáin. Sna cásanna seo, beidh na tríú páirtithe faoi cheangal freisin ag comhaontuithe cosanta sonraí a chomhlíonann an RGCS.
Cinnteoireacht uathoibrithe
Ní úsáidtear do shonraí pearsanta le haghaidh aon chinnteoireacht uathoibrithe.
Fianáin
Tabhair faoi deara, le do thoil, gur féidir leat do chuid socruithe a athrú chun fógra a fháil nuair a bhíonn fianán á shocrú nó á nuashonrú, nó chun bac a chur ar fhianáin go hiomlán. Féach ar an stráice “Cabhair” i do bhrabhsálaí le haghaidh tuilleadh eolais. Tabhair faoi deara, le do thoil, má chuireann tú bac ar chuid de na fianáin nó ar na fianáin go léir, go bhféadfadh sé nach mbeidh rochtain agat ar ghnéithe nó ar thairiscintí áirithe de chuid na Seirbhísí. Tá eolas faoin gcaoi ar féidir leat do shainroghanna fianán a athrú ar fáil sa Bheartas Fianán.
Do chearta
Tá cearta áirithe agat maidir le do chuid faisnéise pearsanta a phróiseálaimid. Tá na cearta seo liostaithe thíos. Níl na cearta seo go hiomlán daingean, agus tá siad faoi réir coinníollacha áirithe. Mar shampla, d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh maidir le do chearta:
- an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta de do chuid atá inár seilbh;
- an ceart chun éileamh orainn aon sonraí pearsanta míchruinne fút atá inár seilbh a cheartú;
- i gcúinsí áirithe, an ceart chun éileamh orainn sonraí pearsanta fút atá á gcoinneáil againn a scriosadh;
- i gcúinsí áirithe, an ceart chun srian a chur ar an bpróiseáil a dhéanaimid ar shonraí pearsanta fút atá inár seilbh;
- i gcúinsí áirithe, an ceart chun do shonraí pearsanta a fháil, ar sonraí iad a chuir tú ar fáil dúinn, i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín. D’fhéadfadh sé go mbeadh an ceart agat freisin éileamh orainn na sonraí pearsanta seo a aistriú chuig eagraíocht eile, ar d’iarratas féin;
- an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne ár bpróiseála ar shonraí pearsanta fút atá inár seilbh (lena n-áirítear, ar mhaithe le hábhair mhargaíochta a sheoladh chugat); agus
- an ceart chun do thoiliú a tharraingt siar, nuair a bhíonn muid ag brath air chun do shonraí pearsanta a phróiseáil. Ní dhéanfaidh baint an Toilithe difear do dhlíthiúlacht na Próiseála a bhí bunaithe ar Thoiliú roimh an bhaint sin.
Chun na cearta seo a fheidhmiú, déan teagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí BIÉ agus úsáid á baint agat as na sonraí teagmhála atá curtha ar fáil thuas. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar an stráice um Chosaint Sonraí ar shuíomh gréasáin Luas (Leamhcán), le do thoil.
Is féidir cearta áirithe a fheidhmiú go díreach ar an ardán trí leathanach do Chuntais Phearsanta; an leathanach 'M'Aighneachtaí'; leathanach na bainistíochta síntiús; agus trí bhoscaí áirithe a thiceáil ar na foirmeacha toilithe a úsáidimid nuair a bhímid ag bailiú do chuid faisnéise pearsanta. Cuireann siad seo ar do chumas do chuid sonraí pearsanta a choinneáil suas chun dáta, agus cuireann siad cosc ar chineálacha áirithe próiseála.
Maidir le cúrsaí cumarsáide, más mian leat tráth ar bith aon sainroghanna atá agat a athbhreithniú nó a athrú, is féidir leat an mheicníocht ‘diúltaigh a bheith páirteach’ nó ‘díliostáil’ a úsáid nó aon bhealach eile a chuirtear ar fáil laistigh den chumarsáid a fhaigheann tú uainn a úsáid. Tabhair faoi deara go bhféadfá cumarsáid idirbheartaíochta maidir le do chuid aighneachtaí a fháil go fóill.
Chun fiosrú a dhéanamh faoi chearta eile, nó chun iad a fheidhmiú, seol ríomhphost, le do thoil, chuig an rialtóir sonraí dataprotection@tii.ie. Gníomhóidh CiviQ de réir treoracha ar bith ó rialaitheoir na sonraí maidir le d’iarratas.
Oibleagáid maidir le sonraí pearsanta a sholáthar
Chun seirbhísí áirithe a sholáthar duit, tá do chuid sonraí pearsanta de dhíth ar BIÉ, agus ní féidir na seirbhísí a sholáthar gan na sonraí sin. I gcásanna nuair atá na sonraí seo de dhíth ar BIÉ, cuirfear in iúl go soiléir duit nuair a chuirfear iarratas isteach ar na seirbhísí seo, cad iad na sonraí pearsanta a bheidh ar BIÉ a choinneáil agus a phróiseáil.
Athruithe ar an mbeartas seo
Coimeádaimid an ceart chun an Beartas Príobháideachais a athrú ag pointe ar bith. Má dhéanaimid, agus nuair a dhéanaimid, athruithe ar ár mbeartas príobháideachais, cuirfimid sonraí na n-athruithe sin ar fáil ar an leathanach seo. Lean ort ag seiceáil an leathanaigh seo, le do thoil, lena bheith cinnte go mbíonn tú ar an eolas i gcónaí faoi athruithe ar bith.
Ábhair imní nó gearáin
Má tá aon cheist nó gearáin agat faoin úsáid a bhainimid as do chuid sonraí pearsanta, déan teagmháil, le do thoil, le hOifigeach Cosanta Sonraí BIÉ leis na mionsonraí teagmhála thuas.
Is féidir tuilleadh eolais faoi chosaint sonraí a fháil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.
Tá sé de cheart agat freisin gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi ar úsáid muid d’fhaisnéis nó ar tugadh aghaidh ar do chearta. Is féidir sonraí faoi conas gearán a thaisceadh a fháil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.
8 Deireadh Fómhair 2026
