Úsáideann an t-ardán comhairliúcháin seo, ar a dtugtar an “t-ardán”, fianáin. Is téacschomhaid bheaga iad fianáin a úsáideann suíomhanna gréasáin chun eispéireas úsáideora a dhéanamh níos éifeachtúla.
De réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí, is féidir linn fianáin a stóráil ar do ghléas má tá siad fíor-riachtanach chun an t-ardán seo a oibriú. Teastaíonn do chead uainn le haghaidh gach cineáil eile fianán.
Toilíonn tú lenár bhfianáin riachtanacha má leanann tú ort ag úsáid ár suíomh gréasáin.
Úsáideann an t-ardán seo cineálacha éagsúla fianán. Tá gach fianán agus a gcuid feidhmeanna liostaithe thíos. Is féidir leat diúltú d'fhianáin nach bhfuil riachtanach le go n-oibreoidh an t-ardán. Mura mian leat Fianáin Riachtanacha a úsáid, ní mór duit a sheachaint an t-ardán a úsáid.
Is féidir leat glacadh le fianáin neamhriachtanacha nó do thoiliú a tharraingt siar uathu ag am ar bith trí chliceáil ar na roghanna atá ar fáil sna Socruithe Príobháideachais ag bun an leathanaigh.
Foghlaim tuilleadh fúinn, an chaoi le dul i dteagmháil linn agus an chaoi a bpróiseálaimid sonraí pearsanta inár mBeartas Príobháideachta.
Cineálacha fianán a úsáidimid
Úsáideann an t-ardán seo cineál amháin fianán: fianáin riachtanacha.
Is fianáin seisiúin iad fianáin riachtanacha, rud a chiallaíonn nach stóráiltear go síoraí iad ar do ríomhaire nó ar do ghléas móibíleach. Úsáidtear fianáin seisiúin chun feidhmeanna bunúsacha suímh gréasáin a sholáthar fad is atá tú á úsáid go gníomhach. Scriostar fianáin seisiúin go hiondúil nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí.
Riachtanach
Cabhraíonn fianáin riachtanacha leis an suíomh gréasáin a dhéanamh inúsáidte trí bhunfheidhmeanna a chumasú, ar nós nascleanúint leathanach, rochtain ar limistéir dhaingnithe den suíomh gréasáin, agus cúrsaí slándála a fheabhsú, trí róbait a aithint agus a bhlocáil, mar shampla. Ní féidir leis an suíomh gréasáin feidhmiú i gceart agus go slán gan na fianáin seo.
| Ainm | Cuspóir | Cineál |
|---|---|---|
| Fianáin seisiúin a thosaíonn le ‘SSESS’ | Caomhnaíonn siad staideanna úsáideoirí thar iarratais leathanach. Ní bhailíonn siad aon fhaisnéis phearsanta | Fianán HTTP |
| has_js | Stórálann sé faisnéis faoi bhrabhsálaí an úsáideora, ar a bhfuil Javascript cumasaithe. | Fianán HTTP |
| cookie-agreed cookie-agreed-version cookie-agreed-categories | Coinníonn sé toiliú an úsáideora chun glacadh leis na fianáin go léir. | Fianán HTTP |
Conas a bhainistím mo chuid fianán?
Bíonn meirge fianán curtha ar fáil ag an ardán a chuireann ar do chumas glacadh le fianáin neamhriachtanacha nó iad a dhiúltú. Is féidir leat do chuid roghanna a athrú am ar bith trí chliceáil ar an táb ‘Socruithe Príobháideachais’ ar an leathanach chun an meirge fianán a oscailt arís. Is féidir leat do chuid roghanna a nuashonrú agus a shábháil ansin.
I gcás fianáin a bhféadfadh do bhrabhsálaí glacadh leo go huathoibríoch, is féidir leat socruithe do bhrabhsálaí a athrú chun na fianáin ar glacadh leo a scriosadh. Is féidir freisin cosc a chur ar do bhrabhsálaí glacadh le fianáin ar bith, trí shocruithe fianán do bhrabhsálaí a athrú.
De ghnáth, bíonn an rogha agat na fianáin atá agat a fheiceáil agus iad a scriosadh ina n-aonar, bac a chur ar fhianáin ó thríú páirtithe, bac a chur ar fhianáin ó shuíomhanna ar leith, glacadh leis na fianáin go léir, diúltú do na fianáin go léir, nó fógra a fháil nuair a eisítear fianán. Chun é seo a dhéanamh, is féidir leat cuairt a thabhairt ar an roghchlár ‘roghanna’ nó ‘sainroghanna’ ar do bhrabhsálaí chun socruithe a athrú. Tabhair do d'aire, le do thoil, go gcaillfear aon sainroghanna má scriosann tú na fianáin go léir; d’fhéadfadh sé nach n-oibreoidh feidhmeanna áirithe mar is ceart, nó go gcaillfidh tú roinnt feidhmiúlachta.
Ní úsáideann an t-ardán seo fianáin ar mhaithe le cúrsaí margaíochta. Úsáidtear fianáin mhargaíochta chun cuairteoirí a rianú ó shuíomh gréasáin amháin go ceann eile.
Conas is féidir leat cinneadh a dhéanamh maidir le socruithe fianán?
Nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin den chéad uair, tabharfar rogha duit gach fianán a cheadú, nó is féidir leat do shocruithe fianán a bhainistiú, rud a thabharfaidh an rogha duit na catagóirí fianán ar mian leat iad a cheadú a roghnú.
Is féidir leat do rogha fianán a nuashonrú linn ag am ar bith trí chliceáil anseo.
Socruithe do bhrabhsálaí a athrú
Is féidir leat na socruithe ar do bhrabhsálaí gréasáin a athrú freisin agus glacadh le gach fianán, nó fianáin áirithe, nó iad a dhiúltú. Is féidir le cuairteoirí an chuid is mó dár suíomh gréasáin a úsáid gan aon chaillteanas feidhmiúlachta, má dhéantar díchumasú ar fhianáin ón mbrabhsálaí gréasáin. Má shocraíonn tú na fianáin riachtanacha a dhiúltú, áfach, d’fhéadfadh sé nach mbeidh tú in ann seirbhísí áirithe a úsáid nó rochtain a fháil orthu.
Chun treoracha a fháil maidir le conas fianáin a bhainistiú agus a dhíchumasú, féach an cháipéisíocht phríobháideachais agus chabhrach ar shuíomh gréasáin an bhrabhsálaí ar leith atá á úsáid agat. Má úsáideann tú tuilleadh gléasanna agus/nó brabhsálaithe, beidh ort fianáin a dhíchumasú ar gach gléas agus ar gach brabhsálaí ar leithligh.
Faigh amach conas fianáin a bhainistiú agus a dhíchumasú ar bhrabhsálaithe coitianta
Tá naisc thíos chuig roinnt de na brabhsálaithe is coitianta ina mínítear conas fianáin a fheiceáil agus a dhíchumasú.
Déan Teagmháil Linn
Má tá aon cheist agat faoin úsáid a bhainimid as do chuid sonraí pearsanta, déan teagmháil, le do thoil, le hOifigeach Cosanta Sonraí BIÉ:
A. O’Shaughnessy,
Bonneagar Iompair Éireann,
Ionad Gnó Gheata na Páirce,
Sráid Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 8,
D08 DK10.
Teil: +353 1 646 3600
Ríomhphost: dataprotection@tii.ie