De réir réamhshocraithe, bíonn tuairimí faoin tseirbhís seo réamh‑mhodhnaithe. Ciallaíonn sé seo nach bhfoilseofar tuairimí ar an toirt. Seiceálfaidh na modhnóirí ar dtús iad.
Baintear feidhm as an modhnú chun a chinntiú go mbíonn díospóireacht chothrom, chuimsitheach ann, agus ní bhainfear feidhm as chun díospóireacht maidir le ceisteanna arna n-ardú atá dlisteanach, réasúnaithe a chosc.
Faomhfar tuairimí lena gcur san áireamh ar an gcoinníoll:
- Go n‑urramaítear tráchtairí agus daoine eile. Ní ceart go mbeadh tuairimí mailíseach ná maslach, agus ní ceart go mb’ionann iad agus ionsaí pearsanta ar dhea chlú aon duine;
- Nach ngríosaíonn siad fuath ar bhonn chine, reiligiúin, inscne, náisiúntachta, claonadh gnéis ná tréith phearsanta ar bith eile;
- Nach n áirítear iontu eascainí, fuathchaint ná gáirsiúlacht;
- Nach nochtar go poiblí leo sonraí pearsanta, ar nós seoltaí príobháideacha, uimhreacha fóin nó seoltaí ríomhphoist;
- Nach sáraítear an dlí leo. Áirítear air seo leabhal, glacadh le gníomhartha neamhdhleathacha, agus cóipcheart a shárú;
- Go mbíonn siad go réasúnta achomair, agus nach ionann iad agus an tseirbhís seo a spamáil;
- Nach bhfógraítear leo táirgí agus seirbhísí tráchtála. Tá cead agat táirgí agus seirbhísí ábhartha a lua chomh fada agus a mbíonn siad ina dtaca le do thuairim;
- Nach bpearsanaíonn siad aon duine ná eagraíocht agus nach maítear go bhfuiltear mar ionadaí thar a gceann;
Go mbíonn siad bainteach leis an topaic. Iarrtar ort gan teachtaireachtaí a phostáil nach mbaineann leis an suíomh seo.