fa-printPriontáil
Baile

Beartas Modhnóireachta

De réir réamhshocraithe, bíonn tuairimí faoin tseirbhís seo réamh‑mhodhnaithe. Ciallaíonn sé seo nach bhfoilseofar tuairimí ar an toirt. Seiceálfaidh na modhnóirí ar dtús iad.

Baintear feidhm as an modhnú chun a chinntiú go mbíonn díospóireacht chothrom, chuimsitheach ann, agus ní bhainfear feidhm as chun díospóireacht maidir le ceisteanna arna n-ardú atá dlisteanach, réasúnaithe a chosc.

Faomhfar tuairimí lena gcur san áireamh ar an gcoinníoll:

  • Go n‑urramaítear tráchtairí agus daoine eile. Ní ceart go mbeadh tuairimí mailíseach ná maslach, agus ní ceart go mb’ionann iad agus ionsaí pearsanta ar dhea chlú aon duine;
  • Nach ngríosaíonn siad fuath ar bhonn chine, reiligiúin, inscne, náisiúntachta, claonadh gnéis ná tréith phearsanta ar bith eile;
  • Nach n áirítear iontu eascainí, fuathchaint ná gáirsiúlacht;
  • Nach nochtar go poiblí leo sonraí pearsanta, ar nós seoltaí príobháideacha, uimhreacha fóin nó seoltaí ríomhphoist;
  • Nach sáraítear an dlí leo. Áirítear air seo leabhal, glacadh le gníomhartha neamhdhleathacha, agus cóipcheart a shárú;
  • Go mbíonn siad go réasúnta achomair, agus nach ionann iad agus an tseirbhís seo a spamáil;
  • Nach bhfógraítear leo táirgí agus seirbhísí tráchtála. Tá cead agat táirgí agus seirbhísí ábhartha a lua chomh fada agus a mbíonn siad ina dtaca le do thuairim;
  • Nach bpearsanaíonn siad aon duine ná eagraíocht agus nach maítear go bhfuiltear mar ionadaí thar a gceann;
  • Go mbíonn siad bainteach leis an topaic. Iarrtar ort gan teachtaireachtaí a phostáil nach mbaineann leis an suíomh seo.